Infheistíocht mhór i siúlóidí Chonamara agus Mhaigh Eo

11 November, 2025

min read

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an bhfógra go bhfuil breis agus €659,000 ceadaithe do dhá thionscadal Gaeltachta faoin Scéim um Bonneagar Áiseanna Lasmuigh, nó ORIS. D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, an maoiniú an tseachtain seo caite mar chuid de €16.5 milliúin a bhronnfar ar scéimeanna éagsúla ar fud fad na tíre.  

Bronnfar €500,000 ar Údarás na Gaeltachta chun Siúlóid Sheana Mhach i gCasla, a osclaíodh go hoifigiúil ag deireadh mí Lúnasa, a fhorbairt tuilleadh.  

Mar chuid den tionscadal, cuirfear 1.5km leis an tsiúlóid trí fheabhsú a dhéanamh ar an dromchla le suiteáil clárbhealaigh agus treisiú geoghreille. Déanfar an obair i gcomhpháirtíocht le geallsealbhóirí áitiúla, úinéirí talún, scéimeanna fostaíochta sóisialta, Fóram Chonamara, agus eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí forbartha pobail eile. 

Gheobhaidh tionscadal Shiúlóidí Lúbtha Iorras i mBéal an Mhuirthead €159,371 chun siúlóid lúbtha nua a bhunú ag sráidbhaile Chorclaí ar Leithinis an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Mar aon leis an tsiúlóid nua, déanfar feabhas a chur leis an tsiúlóid atá ann cheana ag Ceann Iorras. Beidh páirtithe leasmhara áitiúla, úinéirí talún, scéimeanna fostaíochta sóisialta, Comhairle Contae Mhaigh Eo, chomh maith le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí forbartha pobail eile ag obair i gcomhar leis an Údarás ar mhaithe na bhforbairtí.  

Dúirt Seán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Réigiúin an Iarthair, Údarás na Gaeltachta: ‘Tá muid thar a bheith buíoch as an maoiniú seo atá ag cuidiú le háiseanna caitheamh aimsire agus turasóireachta a fhorbairt sa nGaeltacht. Tá áiseanna mar seo fíorthábhachtach, ní hamháin ar mhaithe le pobal na Gaeltachta ach ar mhaithe leis na cuairteoirí a thagann go Gaillimh agus Maigh Eo chomh maith.” 

Is dul chun cinn suntasach í an mhaoiniú seo a gcuirfidh go mór leis na háiseanna i nGaeltacht Chonamara agus i nGaeltacht Mhaigh Eo. Go háirithe, trí roghanna siúlóide agus rothaíochta sábháilte agus inrochtana a chur ar fáil saor in aisce do theaghlaigh, do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas. Beidh tionchar íseal comhshaoil mar phríomhchuspóir sna tionscadail, a dtagann le cuspóirí an Údaráis ó thaobh na haeráide agus ó thaobh Gaeltachta níos glaise a bheith againn.