
Tá ré nua d’obair óige agus d’fhorbairt pobail sa Ghaeltacht fógartha inniu agus Plean Straitéiseach Mhuintearais 2026-2029 seolta go hoifigiúil ag an Aire Dara Calleary TD
Mar chuid den phlean uaillmhianach seo, fógrófar dhá phost nua láithreach—Bainisteoir Óige agus Comhordaitheoir Oiliúna—le tús a chur le hathrú na heagraíochta ina seirbhís Gaeltachta náisiúnta.
Leagann an straitéis úr amach conas a leathnóidh Muintearas a chuid seirbhísí ó Chonamara agus Dún na nGall chun freastal ar gach ceann de na 26 Limistéir Pleanála Teanga (LPT) ar fud na tíre.
Príomh-Spriocanna an Phlean Straitéisigh:
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Dara Calleary T.D. :
"Tá áthas orm an Plean Straitéiseach seo a sheoladh inniu. Cuirfidh feidhmiú na straitéise seo go mór le hobair óige trí Ghaeilge sa Ghaeltacht chomh maith le freastal ar phobal na Gaeltachta trí chéile, trí chláracha, oiliúint agus seirbhísí a chur ar fáil dóibh. Cabhróidh sé seo go mór leis an bpróiseas pleanála teanga agus leis an Ghaeilge a dhaingniú mar theanga phobail ar fud na Gaeltachta. Le roinnt mhaith blianta anois, tá infheistíocht suntasach á déanamh ag mo Roinn i Muintearas ar mhaithe le Scéim na gCuntóirí Teanga, Scéim na gCampaí Samhraidh agus an Clár Aclaíochta agus Spóirt a riar sna Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta agus, mar léiriú ar mhuinín mo Roinne san eagraíocht, tá méadú d’ós cionn €0.5m in aghaidh na bliana tagtha ar an infheistíocht sin le dhá bhliain anuas chun a chur ar chumas na heagraíochta tús a chur le clár oibre chun seirbhísí óige a leathnú amach ar fud na Gaeltachta."
Dúirt Elaine Scahill, Príomhfheidhmeannach Mhuintearais:
" Is cúis bróid dúinn go bhfuil an straitéis seo á sheoladh inniu, agus tá Muintearas ag súil go mór leis an straitéis a chur i bhfeidhm. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos sa straitéis agus tá muid ag tnúth le bheith ag obair chun iad a chur i gcrích. Ar cheann de na spriocanna sin tá an bonneagar a fhorbairt chun rochtain a chinntiú ar obair óige d’ard chaighdeán, agus chuige sin beidh post mar Bhainisteoir Óige agus post mar Chomhordaitheoir Oiliúna á fhógairt againn an tseachtain seo.”
Dhearbhaigh Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, an tábhacht a bhaineann leis an bplean:
"Ní cáipéis amháin atá ann ach fís a mbeidh toradh le fheiceáil go soiléir i bpobail na Gaeltachta, i ndeiseanna nua don aos óg agus i mbuanú na Gaeilge mar theanga bheo phobail. Le tacaíocht leanúnach na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, tá Muintearas in ann pleanáil go muiníneach don todhchaí. Cuirfidh an straitéis seo bonn láidir faoin obair atá ar bun ag Muintearas sna trí bliana amach romhainn.”
Ghlac Cathaoirleach Mhuintearais, Michelle Ní Chróinín buíochas leis an mBord agus leis an bhfoireann as a gcuid oibre ar fad chun an straitéis a fhorbairt: "Is toradh é an creat straitéiseach seo ar phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin a thosaigh ag tús 2025, agus gabhaim buíochas ó chroí le mo chomhghleacaithe ar an mBord agus leis an bhfoireann go léir as a gcuid físe agus tiomantais. Ní hamháin go leagann an plean seo amach treo nua dúinn mar eagraíocht náisiúnta, ach cinntíonn sé go mbeidh guth na hóige agus riachtanais an phobail i gcroílár gach cinneadh a dhéanfaimid as seo go ceann trí bliana.”