Gradam Lóchrann Údarás na Gaeltachta bronnta ar Mháirtín Ó Meachair

3 June, 2026

min read

Bronnadh Gradam Lóchrann Údarás na Gaeltachta ar Mháirtín Ó Meachair ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana. Is gradam bliantúil é seo atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta, chun aitheantas a thabhairt do dhaoine a bhfuil obair den scoth déanta acu ar son CLG agus ar son na Gaeilge ina gceantair Ghaeltachta féin.

Is píosa ealaíne álainn cré-umha é an 'Lóchrann', deartha ag an ealaíontóir clúiteach Pádraig Reaney, a léiríonn beirt imreoirí i mbun coimhlinte. Bronnadh an gradam ar Mháirtín mar aitheantas ar a thiomantas agus a dhúthracht i leith chur chun cinn na Gaeilge agus an CLG le blianta fada.

Dúirt Tomás Ó Siocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

"Léiríonn an gradam seo an meas atá ag pobal na Gaeltachta, agus ag an Údarás, ar dhaoine a chuireann a gcion féin ar bhealach chomh tiomanta sin ar mhaithe lena bpobal féin agus leis an teanga. Comhghairdeas ó chroí le Máirtín, a bhfuil an t-aitheantas seo tuillte go maith aige."

Ghlac Máirtín féin buíochas, ag rá:

"Tá sé go deas aitheantas a fháil, cuireann sé ríméad ar mo chlann agus cairde."