Cruinniú Boird Údaras na Gaeltachta

13 March, 2023

min read

Inniu a bhí a gcéad chruinniú faoi stiúir an chathaoirligh sealadach Mary Uí Chadhain, ag bord Údarás na Gaeltachta. Bhí comhaltaí nua-ainmnithe an bhoird ar fad i láthair, is iad sin:  Anthony Molloy; Joe Conway; Pádraic Ó Conaire; Breandán Mac Gearailt agus Pádraig Mac an Iomaire.

 

I láthair freisin bhí Debra Ní Shúilleabháin, a bhfuil tréimhse caite aici cheana féin mar chomhalta ar bhord an Údaráis.

 

Tar éis an chruinnithe, dúirt Mary Uí Chadhain, cathaoirleach sealadach an bhoird:

“Is údar sásaimh dúinn é go bhfuil muid ar ais arís i mbun obair thábhachtach bhord Údarás na Gaeltachta ag iarraidh saol sóisialta agus eacnamúil na Gaeltachta a fheabhsú, agus muid airdeallach i gcónaí ar chaomhnú agus a neartú na Gaeilge sna pobail Ghaeltachta.”

 

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis:

“Tá pleananna agus tograí uaillmhianacha idir lámha ag Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire, obair nach bhféadfaí a chur i gcrích gan bord láidir agus gníomhach. Is údar misnigh dúinn go mbeidh muid ábalta brú chun cinn le cur i bhfeidhm na bpleananna sin. Ta súil againn freisin nach mbeidh sé i bhfad go gceapfar breis comhaltaí tríd an tSeirbhís um Cheapúchán Poiblí, agus go mbeidh bord iomlán Údarás na Gaeltachta i mbun oibre, ag cur straitéis na heagraíochta chun cinn.”