Comhdháil Rathúil ar AI agus an Ghaeilge in Údarás na Gaeltachta

13 May, 2025

min read

Comhdháil Rathúil ar AI agus an Ghaeilge in Údarás na Gaeltachta

Ár dTeanga, Ár dTodhchaí: AI mar Uirlis don Ghaeilge

D'éirigh go hiontach le comhdháil nuálach faoi úsáid na hArd-Intleachta don Ghaeilge a eagraíodh in oifigí Údarás na Gaeltachta sna Forbacha, Co. na Gaillimhe an tseachtain seo caite. Bhí an ócáid, dar teideal "Ár dTeanga, Ár dTodhchaí: Ard-Intleacht mar Uirlis don Ghaeilge", ar siúl ar an 09 Bealtaine 2025.

D'oscail Jack Chambers, an tAire Airgeadais, an ócáid go hoifigiúil, ag léiriú tacaíocht an Rialtais d'fhorbairt na Gaeilge trí theicneolaíochtaí nua-aimseartha.

"Tá áthas orm go bhfuil sibh ag teacht le chéile chun féachaint ar na deiseanna agus na dúshláin atá ann do AI na Gaeilge."

Tar éis oscailt oifigiúil an Aire Chambers, labhair Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, agus chuir sé fáilte roimh na saineolaithe idirnáisiúnta agus náisiúnta a bhí i láthair. Ghlac Ó Síocháin buíochas speisialta leis na heagraíochtaí Gaeilge éagsúla a d'fhreastail ar an gcomhdháil, ag rá go raibh a rannpháirtíocht ríthábhachtach chun todhchaí na Gaeilge sa ré dhigiteach a mhúnlú.

I measc na gcainteoirí idirnáisiúnta bhí an Dr. Itziar Aldabe ón HiTZ Basque Centre for Language Technology, a labhair faoi theicneolaíochtaí teanga don Bhascais in aois na LLManna, agus an Dr. Will Lamb ó Ollscoil Dhún Éideann, a phléigh conas is féidir AI a úsáid do Ghàidhlig na hAlban, ag díriú ar uasmhéadú na mbuntáistí, maolú na rioscaí agus sárú ganntanas sonraí.

Le linn an dara leath den chomhdháil, bhí sraith cur i láthair gairid ó shaineolaithe éagsúla lena n-áirítear an Dr. Brian Davis ó Ionad Taighde ADAPT, Jerry Sweeney ó CLOUD CIX, Liam Lonergan ó ABAIR, agus Thomas Goulding ó EY.

Ag labhairt tar éis na comhdhála, dúirt Ruairí Ó Néill, Stiúrthóir Sheirbhísí Corparáideacha Údarás na Gaeltachta., "Léirigh an t-imeacht seo an tábhacht a bhaineann le hArd-Intleacht mar uirlis chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa ré dhigiteach. Is léir go bhfuil féidearthachtaí iontacha ann chun tacú le caomhnú agus forbairt na teanga."