Clár imeachtaí Gaeltachta ag fáil urraíocht faoi Chiste Ceiliúrtha 2016

24 November, 2015

min read

Tá urraíocht de €25,000 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do 27 togra a dhíreoidh ar cheiliúradh agus ar chomóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1916 le linn 2016 ar fud na Gaeltachta.

Ceadaíodh maoiniú de idir €200 – €2,500 do choistí agus do ghrúpaí áitiúla le clár leathán imeachtaí agus gníomhaíochtaí a eagrú a bheidh mar chuid de chlár chomórtha céad bliain – Éire 2016 . D’fhógair Údarás na Gaeltachta an scéim Ciste Ceiliúrtha 2016 níos luaithe i mbliana agus é mar aidhm ag an eagraíocht tacaíocht agus spreagadh a chur ar fáil do ghrúpaí sa phobal gur mhian leo ócáidí agus imeachtaí chomórtha a eagrú.

Beidh beagnach 30 imeacht, a fuair tacaíocht ó Ciste Ceiliúrtha 2016, ag tarlú ar fud na Gaeltachta i rith na bliana seo chugainn, idir ceolchoirmeacha, léachtaí, féilte, léiriúcháin drámaíochta, taispeántais, siúlóidí stairiúla agus eile.

Dúirt Príomhfheidhmeananch an Údaráis, Steve Ó Cúláin go raibh éileamh an-ard ar an scéim agus go bhfuaireas líon mór iarratais de chaighdeán an-ard. “Beidh réimse leathan imeachtaí, ócáidí agus tograí tarraingteacha seo ar bun ar fud na tíre sna Gaeltachtaí éagsúla le hurraim a léiriú agus cuimhneamh a dhéanamh ar thréimhse a bhí thar a bheith tábhachtach i saol na tíre seo. Cabhróidh na himeachtaí seo freisin le cuairteoirí a mhealladh chuig na ceantair Ghaeltachta agus cruthófar deiseanna do na pobail áitiúla le teacht le chéile agus comóradh a dhéanamh.”

Seo a leanas liosta de na tograí ar ceadaíodh maoiniú dóibh bunaithe ar théamaí chomórtha agus ceiliúrtha 1916/2016 a bheith mar pháirt lárnach sna imeachtaí atá beartaithe:

– An tSean Bheairic, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
Dhá fhéile deireadh seachtaine €1700

– An Crann Óg, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Ceolchoirm €2500

– Áras Éanna Teo, Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
Taighde agus Taispeántas €1750

– Cumann Forbartha Chois Fharraige, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Léiriú stáitse €2250

– Coiste Comóradh Choláiste Uladh 1906-2016, Gort a Choirce, Co. Dhún na nGall
Comóradh le sraith imeachtaí thar 4 lá €2000

– Coiste Éigse na Brídeoige, Ceann Eich, Co. Chiarraí
Féile Chomórtha €1600

– Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Ealaíontóirí sa Scoil & Féile Ealaíne na Cásca €2000

– Comharchumann Ráth Chairn, Ráth Chairn, Co. na Mí
Dráma agus Cór €800

– Noel Ó Gallchóir, Gort a’ Choirce, Co. Dhún na nGall
Dráma Aonair – ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ €2500

– Scoil Cheoil an Earraigh, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Tomás Aghas a cheiliúradh ag Scoil Cheoil an Earraigh €2000

– Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Dobhair, Co. Dhún na nGall
Ceiliúradh Cuimhneacháin Oidhreacht na Cásca €500

– Ciorcal Craiceáilte, An Bun Beag, Co. Dhún na nGall
Féile ceoil, damhsa agus siamsaíocht – Fís 2016 – Bród agus Mórtas Cine €1500

– Comhar Chuigéal Teo, Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Dráma nua-chumtha €200

– Coiste Comórtha Chorca Dhuibhne 1916, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Siúlóid Mór 1916 €200

– Cumann Staire Fionn Trá, Ceann Trá, Co. Chiarraí
Féile imeachtaí chomórtha €250

– Coiste Forbartha Oileán Ghabhla, Gabhla, Co. Dhún na nGall
Féile – Comóradh an Asgard €500

– Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Réimse leathan imeachtaí a bheidh ar siúl sa scoil agus don phobal €250

– Coiste Cuimhneacháin 1916, Scoil Náisiúnta Ghort a Choirce, Co. Dhún na nGall
Réimse leathan imeachtaí a bheidh ar siúl sa scoil agus don phobal €100

– Cumann Staire & Seanchais Chloich Cheann Fhaola, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
Deireadh seachtaine oidhreachta €400

– Coiste Chuimhneacháin Thomáis Ághas, Lios Póil, Co. Chiarraí
Imeachtaí cuimhneacháin faoi Thomás Ághas €300

– Muintir a’ Chorráin Teo, Acaill, Co. Mhaigh Eo
Ceiliúradh speisialta ar Domhnach Cásca €200

– Comhlucht Forbartha na nDéise, An Rinn, Co. Phort Láirge
Clár imeachtaí chomórtha €500

– Coláiste Chara, Cill Chártha, Co. Dhún na nGall
Sraith imeachtaí le linn seachtain na Cásca €250

– Cumann Stáire & Seanchais Ghaoth Dobhair, An Chrannóg, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Mórshiúl ar Domhnach Cásca €200

– Comhlacht Forbartha Pobail an Spidéil, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Leabhar Tagartha Staire €200

– Comharchumann Mhic Dara Teo, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Comóradh Ruairí Mac Easmainn €200

– Coiste Cultúir Loch an Iúir, Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
Cuntas staire agus siúlóid €200