Approval of the 2020 Summer Camps Scheme is welcome

10 July, 2020

min read

Carna

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh fhógra Phríomh Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta, Gaeilge agus Spóirt, Dara Calleary TD, inniu (04/07/2020) ag ceadú Scéim na gCampaí Samhraidh do shamhradh 2020 agus an deá-scéala go mbeidh pobal óg na Gaeltachta in ann freastal ar imeachtaí spraíúla faoin aer an samhraidh seo mar chuid den Scéim.

De thoradh na paindéime COVID-19, tá coinníollacha agus prótacail dochta le cur i bhfeidhm ag lucht eagraithe na gcampaí, ina measc an coinníoll gur campaí samhraidh faoin aer amháin a bheidh inghlactha bunaithe ar threoracha soiléire maidir le sláinte poiblí. Tá an coinníoll seo ag teacht leis an méid atá aontaithe i dtaobh reáchtáil campaí samhraidh ag eagrais náisiúnta eile agus leis an moladh sonrach a bhí déanta ag Muintearas, a dhéanann an scéim a riar faoi scáth Údarás na Gaeltachta, ina bprótacal féin a bhí aontaithe leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Gach samhraidh, le tacaíocht na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, téann Scéim na gCampaí Samhraidh chun leasa beagnach 6,000 gasúr de bhunadh na Gaeltachta chun freastal ar suas le 180 campaí spraíúla, spórtúla, cruthaitheacha agus nuálaíocha trí Ghaeilge a thacaíonn leo le féin fhorbairt pearsanta agus buanú agus sealbhú teanga. Tá Údarás na Gaeltachta sásta agus buíoch go bhfuil an deis ann anois freastal a dhéanamh ar óige na Gaeltachta an samhraidh seo i bhfianaise na gcúinsí eisceachtúla ina bhfuiltear ag feidhmiú.