
Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair, 2026: Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, Straitéis Údarás na Gaeltachta 2026- 2030 ar an Déardaoin ag Oireachtas na Samhna 2026.
Tá sé mar aidhm ag an straitéis nua, Ceannaireacht na nÓg a chothú, inmharthanacht phobail na Gaeltachta a neartú, agus caighdeán na fostaíochta sa Ghaeltacht a ardú.
Tá 9,716 duine fostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis faoi láthair. Díreoidh an straitéis nua ar chaighdeán na bpost sin chomh maith lena líon: poist a thagann le scileanna phobal na Gaeltachta. Beidh béim ar leith ar tháirgiúlacht na gcomhlachtaí sin, go mbeidh teacht aniar iontu agus go mbeidh siad seasmhach i ndomhain atá de shíor ag athrú. Beidh deis tógáil ar bhuntáistí agus acmhainní nádúrtha na Gaeltachta in earnálacha a bhfuil fás i ndán dóibh, ar nós fuinneamh in-athnuaite, teanga, teicneolaíocht agus taigdhe. Beidh béim ar tacaíocht do chomhlachtaí iad féin a ullmhú do dhúshláin na todhchaÍ Ardófar ráta úsáide na moil dhigiteach go 70% agus tacófar le 50 printíseach in aghaidh na bliana go dtí 2030.
Tá An Ghaeltacht ainmnithe mar Limistéir Nuálaíochta Náisiúnta mar chuid don straitéis, áit a bheidh deis polasaithe náisiúnta a chur i bhfeidhm go píolótach chun go mbeadh An Ghaeltacht ar cheann de na háiteanna is nuálaí in Éirinn. Anuas air sin, tá sé mar aidhm sa straitéis go mbeadh 30 comhlacht ar cheann na nuálaíochta á chruthú ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga oibre.
Dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary:
“Is sampla den scoth é Campas Íosagáin i mBaile Bhuirne den mhéid is féidir a bhaint amach nuair a oibríonn gníomhaireachtaí an Stáit as lámha a chéile. Beidh ról lárnach ag na h-áiseanna seo agus áiseanna Gaeltachta dá leithéad sna blianta amach romhainn ag freastal ar riachtanais oiliúna agus foghlama an cheantair, na seirbhíse phoiblí agus phobal na Gaeltachta.”
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:
"Is é croí na straitéise seo líon na ndeiseanna cainte Gaeilge a mhéadú agus cur le hinmharthanacht na bpobal Gaeltachta. Ní féidir todhchaí na Gaeilge a scaradh ó thodhchaí eacnamaíoch agus shóisialta na Gaeltachta. Trí infheistíocht sa teanga, san aos óg, sa nuálaíocht, sa phobal agus san fhostaíocht, táimid ag leagan bunchloch láidir don chéad ghlúin eile agus ag cinntiú go mbeidh an Ghaeltacht ina háit bhríomhar chun cónaí, obair agus gnó a dhéanamh inti."
Tógann an straitéis nua ar dhul chun cinn suntasach atá déanta le cúig bliana anuas. Ó 2021 i leith, cruthaíodh beagnach 2,000 post nua i gcliantchomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás, tá 9,716 duine fostaithe sna comhlachtaí sin anois, agus tá díolacháin níos mó ná €1 billiún bainte amach acu. Le linn na tréimhse céanna, infheistíodh €65 milliún i dtionscadail chaipitil agus méadaíodh maoiniú an Chiste Forbartha Pobail faoi 58%
Forbraíodh an straitéis i ndiaidh próiseas cuimsitheach comhairliúcháin le pobail, eagraíochtaí forbartha pobail, gnólachtaí agus páirtithe leasmhara ar fud na Gaeltachta. Léirigh an próiseas sin go bhfuil todhchaí na Gaeilge, inmharthanacht na bpobal agus forbairt eacnamaíoch na Gaeltachta fite fuaite lena chéile agus gur gá cur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna atá amach romhainn.