Comhchruinniú Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge i gCill Airne

7 November, 2022

min read

Comhaltaí Boird ÚnaG agus FnaG ag bualadh le chéile

Inniu ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne, reáchtáladh chomhchruinniú de bhoird an dá mhór-eagraíocht Gaeltachta agus Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.
Agus iad ag cur fáilte roimh chomhaltaí an dá bhord ar maidin, léirigh cathaoirleach bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair agus cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Ní Chollatáin ríméad gurbh fhéidir cruinniú den tsaghas seo a thionól don chéad uair le trí bliana, tar éis na dtréimhsí dianghlasála.

Le linn an chruinnithe, thug feidhmeannaigh ón dá eagraíocht cur i láthair ar staid reatha an phróisis pleanála teanga, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Thug siad léargas ar an gcomhoibriú atá ar bun idir an dá eagraíocht, go háirithe i dtaca le pleananna na mBailte Seirbhíse Gaeltachta, agus na féidearthachtaí atá ann do chomhoibriú amach anseo, i réimsí taighde, oiliúna agus bunú fóraim le ceisteanna a bheadh i gcoiteann ag an dá eagraíocht a chíoradh, i measc gnéithe eile.
Tugadh eolas freisin faoi thograí comhpháirtíochta idir oifigigh pleanála teanga atá ag freastal ar líonraí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus na hoifigigh atá ag freastal ar na limistéir phleanála teanga Gaeltachta.
D’fháiltigh baill an dá bhord roimh an eolas a cuireadh ina láthair, agus mhol siad na hiarrachtaí atá á ndéanamh ceangal níos dlúithe a fhorbairt idir an dá eagraíocht, ceangal a bheadh chun tairbhe phobal labhartha na Gaeilge, sa nGaeltacht agus lasmuigh di.

Labhair comhaltaí ón dá eagraíocht le linn an chruinnithe ar na dúshláin atá ag seirbhísí luath-oideachais atá ag feidhmiú trí Ghaeilge, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, agus go háirithe an deacracht atá acu teacht ar oibrithe oilte do sheirbhísí a reáchtáiltear trí Ghaeilge. Treisíodh a thábhachtaí is atá sé go mbeadh oiliúint shonrach á sholáthar trí Ghaeilge do oibrithe san earnáil luath-oideachais Gaeilge agus Gaeltachta.