Togra Óige Nualaíoch de chuid LAN CTR. i gCill Ulta, Cloich Cheann Fhaola

27 March, 2023

min read

Tionscnamh de chuid LAN CTR. agus páirtmhaoinithe ag Údarás na Gaeltachta, Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola agus Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, beidh Preab San Úir á reáchtáil ag Cill Ulta don dara bliain an samhradh seo. Is clár taithí oibre d’óige na háite é, a chothaíonn suim san oidhreacht agus sa gharraíodóireacht inbhuanaithe, agus a bhíonn:

‘ag soláthar aistriú eolais trasghlúine agus ag cothú suime sa ghairneoireacht inbhuanaithe, sa bhithéagsúlacht, sa talmhaíocht, sa teanga agus san oidhreacht.’

Tagann Preab San Úir go mór le Glúin Z, coincheap agus cur chuige nua dírithe ar ghlúin óg na Gaeltachta. Is iarracht é an feachtas seo chun bealaí nuálaíocha le teanga agus cultúr na Gaeltachta a chur chun cinn i measc na glúine óige, agus deiseanna a chruthú in ábhar a bhfuil sainspéise faoi leith acu féin ann. I dteacht le chéile do Phreab San Úir, bronnadh teastas orthu agus T-léine a rinneadh dearadh air i gcomórtas anuraidh.

 

Amharc anseo fá choinne físeán ar thaithí na ndaoine óga le Preab San Úir.