Forbairt Eachla Teoranta CTR

Forbairt Eachla CTR
Aonad 2,
Baile na Finne,
Dún na nGall
F94 X312

Tá Forbairt Eachla CTR ag feidhmiú bliain go leith i gceantar áirithe sa Ghaeltacht Láir - Baile na Finne, Na Dúchoraidh agus Éadan Fhionn Fhraoich. Sin ráite tá nascanna láidre oibre againn le grúpaí, coistí, eagraíochtaí agus daoine sa Ghaeltacht Láir ar fad. Nuair a bunaíodh an eagraíocht chaith mé tréimhse ama ar dtús ag cur Forbairt Eachla CTR chun cinn mar eagraíocht phobail le híomha láidir Gaeilge. Go fóill tá daoine ann a léiríonn suim san obair a dhéanann muid. Tá an Ghaeilge ag na daoine go fóill sa cheantar seo agus mothaím bród agus lúchair iontu an Ghaeilge a úsáid sa phobal. Is féidir liom a rá go raibh buaicphointí againn ó bunaíodh an eagraíocht. Ina measc tá:

1. Comhoibriú le Comhairle Contae Dhún na nGall le ceannsú tráchta agus dromchlá nua a chur ar an R250 tríd Bhaile na Finne. Reáchtáil muid comhairliúchán poiblí rathúil i mBealtaine 2019.
2. Campa Samhraidh 2019 le Muintearas. D'fhreastail 31 páiste. Bhí campa cásca agus 2 champa samhraidh beartaithe againn do 2020.
3. Tá leabharlann thuaithe i mBaile na Finne faoi stiúr coiste Áras Sheaighín Bháin ina mbíonn iliomad imeachtaí pobail. Tá an coiste ansin gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge ar feadh na mblianta. Táthar ag súil le seomra léitheoireachta speisialta le cnuasach leabhair faoi leith a bheith ar fáil don phobal a bheith ar oscail go hoifigiúil nuair atá an géarchéim thart.
4. Grúpa tuismitheoirí agus tachrán gach Céadaoin ar feadh dhá uair a chloig. D'éirigh go hiontach leis seo ón tús.
5. Bhunaigh muid Grúpa Ban in Eanáir 2020 agus ar an mheán bhailigh 25 go 30 bean gach oíche Dhéardaoin.
6. Bhunaigh muid Scioból na bhFear in Eanáir 2020 agus d'fhreastail suas le 15 fear gach seachtain.
7. Reáchtálann muid siúlóidí go rialta sa phobal i gcomhair le Páirtnéireacht Spóirt Dhún na nGall ar Shlí na Gaeltachta.
8. Bhí grúpa siúil ag siúl gach Satharn agus roimhe sin bhí muid ag siúl gach Luan.
9. Bíonn comhoibriú leanúnach idir Gairmscoil Chú Uladh i mBéal an Átha Móir agus Forbairt Eachla CTR. Tá trí scoil náisiúnta sa cheantar agus oibríonn muid go maith leo fosta cibé dóigh is féidir.
10. Tugann muid eolas do dhaoine maidir le ranganna agus cúrsaí atá ar fáil sa phobal agus i gcoitinne maidir le ranganna agus imeachtaí Gaeilge.
11. Ghlac muid páirt i bhfeachtas in aghaidh mianadóireachta sa Ghaeltacht Láir anuraidh mar gur mheas an pobal nach mbeadh togra mar seo ar mhaithe le sláinte an phobail.
12. Ghlac muid páirt i gComórtas Ghlór na nGael 2019, Bailte Slachtmhara 2019, Comórtas Reatha Gaeltachta 2020 agus Seachtain na Gaeilge 2019 & 2020.

Donegal Co-Operative