Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo.

Baile an Fhirtéaraigh
Trá Lí,
Co. Chiarraí.
V92 K5WT

Eagras pobail Gaeltachta é Comharchumann Forbartha Chorca dhuibhne a dheineann saol pobail, cultúrtha, eacnamaíochta agus sóisialta mhuintir Ghaeltacht Chorca Dhuibhne a fhorbairt is a fheabhsú agus a dheineann cúram ar leith den nGaoluinn agus de chearta teanga an phobail agus é i mbun na forbartha sin
Bunaíodh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. (CFCD TEO.) i 1967 chun an saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a fhorbairt.
Ó shin i leith tá ról lárnach ag CFCD TEO. i bhforbairt gheilleagar na leithinse agus tá an Comharchumann ag feidhmiú thar ceann a gcuid scairshealbhóirí, ag freastal ar phobal Chorca Dhuibhne agus táthar i mbun chomhfiontar thábhachtach leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta, agus Gaeltachta agus le Údarás na Gaeltachta.

Ó am a bhunaithe, bhí CFCD Teo. ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar na hacmhainní nadúrtha sa cheantar agus an oiread deiseanna ioncaim agus fostaíochta agus ab b’fhéidir a thapú. Siar sna seascaidí, bhí béim ar leith ar thionscail na talamhaíochta agus bhí sé mar pholasaí acu díriú isteach ar riachtanais na bhfeirmeoirí áitiúla. Sa lá atá inniú ann, tá an earnáil oideachais, oiliúna Gaeilge agus Gaeltachta agus scéimeanna teangan mar phríomh-mhargadh ag CFCD Teo.

Is léiriú é seo ar an athrú búnúsach atá tagtha ar gheilleagar na leithinse agus, go deimhin, ar an athrú atá tagtha ar fhormhór na gceantar Gaeltactha ar fuaid chósta an Iarthair. Léiríonn sé freisin go raibh CFCD Teo. in ann na hathruithe seo a láimhseáil go héifeachtach agus stráitéis fhorbartha an Chomharchumainn a chur in oiriúint dos na deiseanna agus na riachtanais fhorbartha de réir mar a bhí athrú ag teacht ar an saol sóisialta agus eacnamaíochta.

Kerry Co-Operative