Comhar Dún Caocháin Teoranta

An tSeanscoil
Ceathrú Thaidhg
Béal an Átha
Co Mhaigh Eo
F26 Y8P7

Cláraíodh Comhar Dún Caocháin Teoranta, comharchumann forbartha pobail, le Clárlann na gCara-Chumann i Márta 1995 agus é mar ráiteas misin aige oibriú go gníomhach ar shon forbairt theangeolaíocha/chultúrtha, bhonneagartha, eacnamaíochta, oideachasúil agus shóisialta i bparóiste Chill Chomáin agus acmhainní nadúrtha agus daonna a fhorbairt ar bhealach chomhtháite, inbhuaineach.

Ó bunaíodh é tá réimse leathan tograí pobal- agus teanga-bhunaithe forbartha ag an gcomharchumann atá lonnaithe sa Seanscoil i gCeathrú Thaidhg. Cuireann Ionad Seirbhísí Teanga na Seanscoile cúrsaí Gaeilge agus seirbhísí aistriúcháin ar fáil. Tá leabharlann d’áiseanna foghlama Gaeilge le fáil don té atá ag iarraidh ár dteanga dúchais a fhoghlaim agus a neartú. Tá dhá naíonra faoi chúram an chomharchumainn a dhéanann freastal ar riachtanais pháistí réam scoile an pharóiste. Eagraítear cúrsaí oiliúna do dhaoine fásta, campaí samhraidh do pháistí réam scoile agus bunscoile, imeachtaí cultúrtha. Tá foilseacháin oidhreachta foilsithe ag an gcomharchumann atá le fáil san ionad eolais agus tá réimse siúlóidí forbartha a dhéanann freastal ar chuile aoisghrúpa agus leibhéil aclaíochta. Eagraítear oibreacha timpeallachta i gcomhar le rannpháirtithe na scéime shóisialta tuaithe. Foilsítear Nuachtlitir Chill Chomáin chuile cheathrú a choinníonn an pobal ar an eolas ar obair an chomharchumainn agus ar chúrsaí reatha.

Cuireann oifig an chomharchumainn eolas/cuidiú ar fáil do choistí deonacha maidir le forbairt agus bainistiú tograí, foinsí maoinithe &rl. Tá eolas agus foirmeacha iarratais le fáil ar scéimeanna éagsúla agus ar dheiseanna traenála. Tá seirbhísí cóipeála, laminating agus facs le fáil chomh maith.