Is comhlacht aistriúcháin agus comhairleoireachta teanga é Europus a bunaíodh i 1996 agus atá lonnaithe ar an gCeathrú Rua i gConamara. Cuireann an comhlacht seirbhísí aistriúcháin, comhairleoireachta teanga agus fotheidealaithe ar fáil do chliaint san earnáil phríobháideach agus phoiblí, do na meáin náisiúnta agus do hinstitiúidí Eorpacha.
Reáchtálann an comhlacht Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán (L8) i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus le maoiniú ó Údarás na Gaeltachta.
I 1996 a bunaíodh Europus. Fuair bunaitheoir Europus, Áine Ní Chonghaile, a cuid oiliúna i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais áit a raibh sí ag obair ina haistritheoir dlí ar feadh breis is 10 mbliana. Tá Sinéad Ní Ráinne, an príomhfheidhmeanach reatha, ag obair leis an gcomhlacht ó bunaíodh é agus ghlac sí úinéireacht ar an gcomhlacht in 2010.
Tá 12 fostaithe go lánaimseartha ag Europus.