SMEC

Tá an togra SMEC (Sustainable Marine Energy Communities) maoinithe ag Clár Limistéar an Atlantaigh de chuid Interreg trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. Ritheann an togra ó Mí Eanair 2022 go dtí Mí Meitheamh 2022.

D’fhéadfadh ról suntasach a bheith ag Pobail Fuinnimh maidir le réigiúin mhuirí agus iascaigh a dhéanamh níos inbhuanaithe, laghdú suntasach a dhéanamh ar a gcostais fuinnimh agus a bpróifílí úsáide fuinnimh a rialú.

Is iondúil go mbíonn forlámhas ag réigiúin iargúlta laistigh de limistéar NPA ar thionscail a bhaineann leis an iascaireacht agus atá lárnach dá n-inbhuanaitheacht eacnamaíoch. Tá míbhuntáistí ag réigiúin den sórt sin, lena n-áirítear bonn ardchostais, fad ó na margaí, rochtain ar dhaoine tréitheacha agus éagsúlacht eacnamaíoch theoranta. Cuirfidh treoracha nua ón AE ar chumas na réigiún áitiúil fuinneamh a ghiniúint, a stóráil agus a dhíol chun a n-inbhuanaitheacht a uasmhéadú.

Tá ceithre pháirtnéir tugtha le chéile ag SMEC chun na deiseanna a bhaineann le bunú agus feidhmiú Pobal Fuinnimh a mheas i dtrí réigiún iarghúlta in Éirinn, san Iorua agus san Fhionlainn agus chun trí staidéar féidearthachta a chur i gcrích iontu. Cuimseoidh na staidéir sin gach gné de PF comhtháite- acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite, próifíliú fuinnimh tionscal, measúnú ball, céimeanna forbartha, samhlacha eacnamaíocha agus creataí dlíthiúla. Beidh na staidéir ina dtuarascáil fhoriomlán ina sonrófar an dea-chleachtas. Áireofar leis sin Creat Deartha lena n-úsáid ag pobail chósta eile ar fud an NPA chun a bPF féin a chruthú ionas go mbeidh siad in ann a bpróifílí fuinnimh agus a gcostais fuinnimh a rialú. Áireofar leis sin mapáil le páirtithe leasmhara lena áirithiú go mbeidh na príomhpháirtithe leasmhara páirteach sa Phríomh-Ghlao atá ar na bacáin.

Tabharfaidh an tionscadal aghaidh go sonrach ar Chuspóir 2.1: Éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Forbróidh an PF cláir uirlisí chun ‘giniúint fuinnimh in-athnuaite inbhuanaithe a fhorbairt agus a ghiniúint atá oiriúnach d’aeráid fhuar agus do phobail iargúlta’. Trí mheicníochtaí nua amhail trádáil Piaraí go Piaraí a áireamh faoi Threoracha nua an AE, cuirfear ar chumas na mbraislí áitiúla sin córais fuinnimh in-athnuaite a dhearadh chun ualaí comhiomlánaithe na bpobal sin a shásamh agus a n-inbhuanaitheacht a uasmhéadú. Déanfaidh sé seo ‘éascú ar úsáid barrachas fuinnimh áitbhunaithe agus ar fhorbairt a dhéanamh ar choincheapa maidir le bainistiú fuinnimh cliste i bpobail iargúlta’.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin togra seo ó Fhionnán Ó hÓgáin, Oifigeach SMEC, Údarás na Gaeltachta ag foh@udaras.ie