Tá an togra GLOW (Sustainable Green energy technoLogy solutions for tOurism groWth) maoinithe ag Clár Limistéar an Atlantaigh de chuid Interreg trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. Ritheann an togra ó Mí Eanair 2022 go dtí Mí Meithimh 2022.
Cuirfidh an tionscadal seo Samhail Ghnó Ghlas i bhfeidhm chun foghlaim conas modheolaíochtaí inbhuanaitheachta a fhorbairt i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide le fócas ar chuideachtaí agus ar fhiontair shóisialta a fhreastalaíonn ar Gheilleagar Turasóireachta na Spéartha Dubha.
Tacóidh an tionscadal le fiontair agus le heagraíochtaí sóisialta sreabhadh turasóireachta a fhorbairt le linn mhíonna an gheimhridh trí chur i bhfeidhm teicneolaíochtaí tumthacha a chumasú ag leibhéal fiontair agus trí fhorbairt a dhéanamh ar fheidhmchláir choitianta úsáide a chuireann spéir na hoíche i láthair (arna bhforbairt le linn an tionscadail). Comhtháthófar iad sin i straitéisí turasóireachta atá ann cheana agus tairgfear iad ar an oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha chun ardán margaíochta a fhorbairt, rud a chuirfidh ar chumas na bhfiontar dul i gcion ar na margaí atá acu cheana féin. Cuirfidh siad sin ar chumas na bhfiontar a samhlacha gnó glasa féin a fhorbairt. Is féidir le gnó glas fás go heacnamaíoch agus úsáid acmhainní a laghdú. Déanfaidh an tionscadal teicnící meantóireachta le haghaidh gnó glas a chomhtháthú le teicneolaíochtaí tumthacha chun an tionchar is mó is féidir a imirt.
Déanfar staidéir féidearthachta teicniúla agus airgeadais chun a chinntiú go mbainfidh na teicneolaíochtaí tumthacha atá forbartha a gcuid cuspóirí amach. San áireamh sna teicneolaíochtaí tumthacha seo, tá na cinn sin atá dírithe ar fhiontair (m.sh. grianghrafadóireacht 360 céim) agus pláinéadlann fhíorúil a dhearadh lena chur i bhfeidhm mar acmhainn choiteann i réigiúin uile an tuaiscirt. Cuirfear riachtanais fiontraíochta agus pobail, indéantacht teicneolaíochta agus airgeadais san áireamh sa phlean tionscadail iomlán.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin togra seo ó Sheán Ó Coisdealbha, Oifigeach GLOW, Údarás na Gaeltachta ag socoisdealbha@udaras.ie