Glasoiliúint

Cúlra

Aithnítear go forleathan an tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus an gá atá leis an lorg carbóin a ísliú chun an dlús atá faoin téamh domhanda a laghdú. Tá ‘An Ghaeltacht Ghlas’ aitheanta ag Údarás na Gaeltachta mar dheis thábhachtacht cur leis an gcruthú fostaíochta agus le heacnamaíocht na Gaeltachta i Straitéis Údarás na Gaeltachta (2021-2025). Is gá breis oiliúna agus traenála a chur ar mhuintir na Gaeltachta le teacht i dtír ar na deiseanna seo.

 

Scéim thacaíochta Oiliúna

Is Scéim Thacaíochta Oiliúna píoltach é Glasoiliúint le ciste de €50,000 chun spreagadh a dhéanamh ar cheardaithe agus daoine proifisiúnta Gaeltachta atá ag iarraidh scileanna a uasdhátú nó scileanna nua a fhoghlaim i réimse dá gcuid oibre a bhaineann le caomhnú fuinnimh nó i dteicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite. Cuirfear suas le €2,000 ar fáil ag ráta 75% faoi riail ‘de minimis’ do cheardaithe agus daoine proifisiúnta sa Ghaeltacht i dtreo táillí teagaisc agus costais taistil (más gá) do chúrsaí aitheanta.

 

Coinníollacha

Beidh sé mar choinníoll deontais go mbeidh aon ghnó a fhaigheann tacaíocht faoin scéim seo lonnaithe sa Ghaeltacht. Beidh an tacaíocht seo teoranta do cheardaithe agus daoine proifisiúnta amháin agus íocfar an deontas faoi réir threoirlínte ‘de minimis’.

Is gá gur cúrsaí aitheanta na cúrsaí seo, a bheidh dírithe ar chúrsaí forbairt gairme, uasdhátú ar scileanna agus forbairt scileanna nua. Ní íocfar aon deontas i leith cúrsaí lánaimseartha.

 

Cuspóir na Scéime

Tá éileamh an-mhór ar scileanna leictreacha, pluiméireachta, innealtóireachta, ailtireachta, suiteála, tógála agus díonlach in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite. Tá infheistíocht á déanamh ar thuirbíní gaoithe amuigh ón gcósta agus éileamh ar phainéal gréine, coirí leictreacha agus teaschaidéil ag méadú freisin agus tá deiseanna móra fostaíochta san earnáil seo. Is é aidhm na scéime seo ná breis oiliúint a thabhairt do cheardaithe agus daoine proifisiúnta atá ag iarraidh aistriú isteach in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite mar chuid dá gcuid oibre.