Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo.

Gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh
Páirc Ghnó Bhéal Átha an Ghaorthaidh
Maighchromtha
Co. Chorcaí
P12PX22

“Traidisiún, Teanga, Todhchaí - Seirbhís forbartha pobail a sholáthar don phobal trí chéile i nGaeltacht Mhúscraí chun leasa an cheantair áitiúil, le buanú agus caomhnú na Gaeilge, agus cur chun cinn an traidisiúin i gcroílár ár réimse oibre i gcónaí.” – ráiteas misin Chomharchumann Forbartha Mhúscraí.

Eagras forbartha pobail é an Comharchumann a fheidhmíonn chun leasa an phobail áitiúil i nGaeltacht Mhúscraí, Co. Chorcaí. Tá an Comharchumann ann chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt pé slí is féidir do na grúpaí pobail agus coistí deonacha atá gníomhach sa cheantar áitiúil. Tugtar cúnamh agus tacaíocht i dtaobh na Gaeilge ach go háirithe, ach chomh maith leis sin tugtar cúnamh i dtaobh eolas agus rochtain ar fhoinsí maoinithe, cúrsaí/oiliúint, cúnamh le foirmeacha iarratais, bolscaireacht, srl.
Tá Gaeltacht Mhúscraí suite 48 ciliméadar siar ó Chathair Chorcaí, ar thaobh Chorcaí den teorainn le Ciarraí agus cuireann Múscraí san áireamh na sráid bhailte; Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre, Cill na Martra, Cúil Aodha, Réidh na nDoirí agus Béal Átha 'n Ghaorthaidh. Tá daonra de timpeall 4,000 sa cheantar.

Cork Language Service Centres Community