Nóta Comhbhróin – Tadhg Ó hÉalaithe

13 January, 2022

min read

Déanann Bord, Ardbhainistíocht agus foireann Údarás na Gaeltachta comhbhrón le muintir Thaidhg Uí Éalaithe a fuair bás le gairid.

Bhí an tUasal Ó hÉalaithe ina Chathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta ón 6 Eanáir 2000 go 31 Eanáir 2002 agus roimhe sin bhí sé ina Ard-Rúnaí sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.

Déanann muid comhbhrón lena bhean chéile Mai agus a chlann Nora, Patrick agus Mary agus lena ghaolta agus a chairde ar fad.

Suaimhneas síoraí dá anam uasal.