Mórthionól Pleanála Teanga in Iarthar Bhéal Feirste

19 October, 2023

min read

Tháinig Oifigigh Pleanála Teanga le chéile ó fud fad na tíre do Mhórthionól Pleanála Teanga in Iarthar Bhéal Feirste ar an 3-4 Deireadh Fómhair, a reáchtáladh i gcomhpháirt le Fís an Phobail, Líonra Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste.

An chéad uair riamh a reáchtáladh Mórthionól Pleanála Teanga de chuid an Údaráis sna sé chontae, chualathas ó ghrúpaí ar nós An Dream Dearg, Fhóram na nÓg agus Ghlór na Móna, i measc ghrúpaí eile.

Bhí deis ag na rannpháirtithe cuairt a thabhairt ar ionaid éagsúla sa cheantar: ina measc, Raidió Fáilte, raidió pobail ar imeall Iarthar na cathrach; Ionad Uíbh Eachach, ionad tacaíochta teaghlaigh agus gnó geilleagrach sóisialta; agus Gaelchúrsaí, Acadamh Oiliúna Gaeilge atá dírithe ar bhreisoideachas agus cúrsaí oiliúna a chur ar fáil do lucht fágtha na scoileanna lán-Ghaeilge.

 

‘Is deis iontach é gréasán na n-Oifigeach Pleanála Teanga a tharraingt le chéile anseo in Iarthar Bhéal Feirste leis na tograí eiseamláire a chuireann go mór le cúrsaí teanga sa cheantar a fheiceáil agus cuairt a thabhairt orthu. Is mór an deis é casadh le baill an phobal in Iarthar Bhéal Feirste, na ceannródaithe sin a thiomáin na tograí éagsúla thar na mblianta, ag forbairt infreastruchtúr riachtanach agus ag cinntiú go bhfuil seirbhísí trí Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil dá bpobal i ngach réimse dá saol. Tá go leor le foghlaim uatha agus léiríonn an méid atá feicthe againn an díograis atá acu don Ghaeilge agus dá bpobal.’

Siubhán Nic Grianna, Ceannasaí Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta

‘Tá sé tábhachtach dúinne mar Oifigigh Pleanála Teanga go bhfuil na ceardlanna seo ann dúinn mar spás oiliúna, áit gur féidir linn gréasánú, deachleachtas a roinnt, agus – go speisialta an uair seo i mBéal Feirste - é a fheiscint lenár súilibh féin. Níl teora leis na ceachtanna gur féidir a fhoghlaim ón saibhreas oibre atá feicthe againn sa chathair Ghaelach so. Bímid in ann tógaint ar thograí, ar smaointí agus ar chomhoibriú le chéile ag ceardlanna ar nós an ceann seo i mBéal Feirste.’

John Prendergast, Oifigeach Pleanála Teanga Chiarraí Thiar

Gabhann muid buíochas ó chroí le Fís an Phobail, a chuir an-fáilte romhainn agus a chuir clár suimiúil agus cuimsitheach le chéile. Amharc thíos ar fhíseán ó Mheon Eile ina labhraíonn Oifigeach Pleanála Teanga Iarthar Bhéal Feirste, Ciarán Mac Giolla Bhéin, faoin Mhórthionól: