Cuairt Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

29 June, 2023

min read

Tráthnóna inniu atá tús á chur le cuairt thoscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Le linn na cuairte, beidh an toscaireacht ag féachaint ar cúinsí, stádas agus beocht na Gaeilge sa cheantar, ag éisteacht le guth na ndaoine agus na n-eagraíochtaí áitiúla, agus ag féachaint ar an gcúnamh is féidir leis an gComhchoiste a thabhairt don phobal áitiúil.

 

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Tá muid an-sásta go bhfuil an toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tagtha ar cuairt ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh an dá lá seo. Is iontach go bhfuil an deis acu tuairimí an phobail anseo a chloisteáil agus eolas a fháil faoin obair den scoth atá ar siúl ag na grúpaí éagsúla sa gceantar Gaeltachta seo, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Le linn na cuairte, beidh deis ag an toscaireacht cuairt a thabhairt ar chliantchomhlachtaí an Údaráis, labhairt le eagraíochtaí cultúrtha agus pobail an cheantair, agus leis an meitheal láidir atá ag plé le pleanáil teanga sa limistéar seo. Tá súil againn go dtabharfaidh an cuairt léargas don Chomhchoiste ar an staid ina bhfuil an pobal agus an teanga sa gceantar seo, agus go gcuideoidh sé sin linn ar fad, agus muid ag iarraidh tacú le neartú na bpobal Gaeltachta agus leis an nGaeilge sna pobail sin.