Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla

Áras Forbairt Acla,
Caol,
Acaill,
Co. Mhaigh Eo
F28TX49

Is Eagraíocht pobail é Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla , atá ag feidhmiú thar ceann paróiste Acla ina iomlán. An phríomh ról atá ag Comhlacht Forbartha Áitiúla Acla, ná deiseanna fostaíochta a fhorbairt agus a chruthú sa cheantar imeallach seo, atá faoi mí bhuntáiste.
Déanann muid stocaireacht chun cúrsaí timpeallachta agus infreastruchtúr a fhorbairt agus a fheabhsú sa pharóiste, m.sh cúrsaí leathanbhanda, áiseanna pobail agus bóithre. Tá ról againn chomh maith i réimse an cuimsiú sóisialta. Tá obair leanúnach ar siúl againn ó thaobh traenáil, forbairt a dhéanamh i gcúrsaí fiontar agus ghnó, m.s. tá muid ag obair le Údarás na Gaeltachta ar G Teic Acla a fhorbairt. Ó thaobh an tionscail turasóireachta tá CFÁA ag obair go tréan le "Fáilte Ireland" agus le Comhairle Chontae Mhaigh Eo leis an obair atá beartaithe ar an bpointe Fionnachtain ag Cuan na Coime ar Slí an Atlantaigh Fhiáin a chur i gcrích. Tá an Plean Teanga do Pharóiste Acla réitithe ag Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla agus an gCoiste Pleanáil Teanga. Tá an Plean curtha ar aghaidh chuig Údarás na Gealtachta . Is Plean é seo don Pharóiste ina iomlán agus tá muid ag súil go mór le tabhairt faoin bPlean a chur I bhfeidhm. D’fhorbair CFÁA an Uisceadáin an "Achill Experience" agus Ionad Cuairteoirí . Osclaíodh an áis iontach seo i 2016 . Thug 100,000 turasóir cuairt ar an t-ionad ilghnéitheach seo ó osclaíodh é 4 bliana ó shin .

Mayo Co-Operative