Tá an Scéim Forbartha Bainistíochta d’Oifigigh Turasóireachta 2022 oscailte d’iarratais ó iarratasóirí incháilithe ón 21/1/22 go dtí an 18/2/22 agus féachfaidh le tacú le forbairt tograí turasóireachta straitéiseacha a mbeidh ról suntasach acu i bhforbairt na gceantar éagsúla Gaeltachta agus i gcur chun cinn na hearnála turasóireachta sna réigiúin éagsúla.
Faoin tionscnamh cuirfear tacaíocht airgeadais de €60,000, thar tréimhse dhá bhliain, mar dheontas oiliúna ar fáil do 12 iarratas chun oifigeach turasóireachta a fhostú i leith dhá chineál togra turasóireachta:
Glacfar le hiarratais ó thograí incháilithe ar bhunús iomaíocha trí ghlaoch oscailte. Is é an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ná an 18ú Feabhra 2022 agus tá iarratais le seoladh chuig turasoireacht@udaras.ie
Déanfar na hiarratais a mheas bunaithe ar an eolas a chuirfear ar fáil san iarratas agus in aon cháipéisíocht eile (plean gnó nó eile) a chuirtear ar fáil. Tá sé riachtanach go ndéantar riachtanais agus critéir na scéime a scrúdú go cuimsitheach sula dtosaítear ag réiteach iarratais. Tá gá go ndéanfaí gach iarratas a phlé le hionadaí ón Rannóg Réigiúnach chuí in Údarás na Gaeltachta. Mura bhfuil teagmháil agat is féidir glaoch ar d’oifig réigiúnach. Sonraí teagmhála ar fáil ar www.udaras.ie