Tá Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe suime ó dhaoine / eagraíochtaí ar suim leo scéal na fíodóireachta in Iardheisceart Thír Chonaill a bhailiú, a eagrú agus a chur le chéile. Bheifí ag súil leabhrán, seastán eolais agus eolas do shuíomh idirlín a bhunú ar an eolas a chuirfear le chéile.
Aithníonn Údarás na Gaeltachta agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) a bhfuil cúrsa i scileanna fíodóireachta á reáchtáil aige i gCill Charthaigh faoi láthair, go bhfuil scéal ar leith le hinsint faoi stair na fíodóireachta in Iardheisceart Dhún na nGall. Go deimhin, tá stair na fíodóireachta agus na teicstíle fite fuaite le scéal an Údaráis féin i dTír Chonaill. Tá a fhios againn go dtéann stair na fíodóireachta níos faide siar mar go bhfuil baint lárnach ag an fhíodóireacht le sníomh na holann, ceird baile a bhfuil a cuid fréamhacha le fáil sa Chré Aois in Éirinn. Ach tagann bunrúta scéil an Iardheiscirt, ó stair na tionsclaíochta, go háirithe na chéad iarrachtaí tionscail thraidisiúnta a bhunú sa cheantar agus na dúshláin a bhain leis an saothar seo. Bhí an fhíodóireacht i gcónaí ceangailte go dlúth le feirmeoireacht caorach. Bhí ceann de na margaí is mó caorach sa chontae in Ard an Ratha agus ba é sin a chuir borradh faoi thionscal na fíodóireachta san Iardheisceart.
D’fhág seo go raibh an bunábhar olann agus na scileanna bainteach le fíodóireacht lámhdhéanta le fáil go fairsing in Iardheisceart Dhún na nGall. Ba é Neil McNelis, Ard an Ratha, a bhunaigh an chéad ghnó fíodóireachta McNelis & Co. in 1870. Chuir an gníomh sin tús agus spriolladh faoi na mionthionscail olann agus bréidín chomh maith le hiarrachtaí Bhord na gCeantar Cúng earnáil na teicstíle a fhobairt sa chontae ag tús na naoú haoise déag. Ó bhunú an tSaorstáit in 1922, lean An Roinn Talmhaíochta leis an fhorbairt agus níos moille in 1957, choinnigh Gaeltarra Éireann leis an tsiúl seo, ag forbairt tionscail fhíodóireachta sna Gaeltachtaí ach go háirithe, i nDeisceart an Chontae. Tugadh cúraimí Ghaeltarra d’Údarás na Gaeltachta in 1979 agus chuir an ghníomhaireacht stáit úr, tuilleadh urraidh isteach i bhforbairt earnáil na fíodóireachta san Iardheisceart.
Bunaithe ar an oidhreacht luachmhar thionsclaíochta seo, cothaíodh agus forbraíodh saineolas agus scileanna teicstíle san iardheisceart. Bhain an dúiche clú náisiúnta agus idirnáisiúnta amach mar cheantar barr feabhais ó thaobh na fíodóireachta de; a fhianaise sin ar na margaí idirnáisiúnta a baineadh amach do na táirgí dúchasacha lámhdhéanta ag comhlachtaí teicstíle sa cheantar, macasamhail Cuan Tamhnaigh Teo, Snáth Dhún na nGall, agus Stiúideo Dhún na nGall, Cill Charthaigh.
An Saothar – treoir:
Ba mhaith le hÚdarás na Gaeltachta agus an ETB eolas níos cuimsithí a bhailiú agus a chur in eagar i dtaca leis an dlúthbhaint a bhí agus atá ag Iardheisceart Dhún na nGall le scéal na Fíodóireachta. Ar chuid de na téamaí a dtiocfadh le hiarratasóirí díriú isteach orthu, bheadh macasamhail:
Buiséad
Beidh uasmhéid buiséid €4,500 ar fáil i leith na hoibre seo.
An tIarratas agus Amchlár
Má tá suim agat san obair seo, iarrtar ort iarratas / léiriú suime a sheoladh ar ríomhphost chuig Micheál Mac Giolla Easbuig, Údarás na Gaeltachta, Doirí Beaga, Co Dhún na nGall, mmge@udaras.ie, leis an eolas seo a leanas san áireamh:
– Cúlra ábhartha / taithí oibre ábhartha
– Samplaí d’obair ábhartha a láimhseáladh go dtí seo
– Cur síos ar phlean imlíneach don cur chuige
– Costas na hoibre / amlíne
Léiriú suime seolta ar ríomhphost, le do thoil.
Seol do léiriú suime, le do thoil, roimh an spriocam, in (a) thíos:
(a) An dáta deiridh faoi choinne léiriú suime
04.i.n. ar an Mháirt 05 Aibreán 2022
Beidh an fhreagrach ar an iarratasóir cinntiú go mbeidh an t-iarratas déanta ina iomláine agus faighte roimh an spriocam cuí.
(b) Fiosrúcháin
Le breis eolais a fhail déan teagmháil le Micheál Mac Giolla Easbuig, Údarás na Gaeltachta, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall, mmge@udaras.ie, 074 95 60100.