Léiriú Spéise chun Mol Bia a Fhorbairt sa nGaeltacht
Is é is cuspóir leis an léiriú spéise seo ná cabhrú le hÚdarás na Gaeltachta maidir le plean oiriúnach a ullmhú don Ghaeltacht agus:
- Measúnú a dhéanamh ar éileamh do spás ullmhaithe bia, déantúsaíocht, tástáil, pacáistiú agus na háiseanna uile atá ag teastáil a aithint.
- Deis a chur ar fáil do dhaoine aonair, fiontair (lena n-áirítear fiontair shóisialta), gníomhaireachtaí poiblí chun cur le agus/nó páirt a ghlacadh i bhforbairt spáis fiontraíochta, spás cistine tráchtála agus deiseanna cíosa tráchtála do mhoil bheartaithe.
- Eolas a chur ar fáil do dhearadh iomlán na mol i leith pleanála, forbartha, acmhainní agus a ndéanfar bainistiú orthu ionas go spreagfar sineirgí agus éifeachtúlachtaí i bhforbairt earnáil an bhia go háitiúil agus ar bhonn réigiúnach.
- Cabhrú le sainriachtanais a aithint i measc na gcliant ionchasach a d’fhéadfadh eolas a chur ar fáil do phleanáil agus acmhainní a chur ar fáil d’áiseanna agus bonneagair.
- Riachtanais sa phobal bia a shainaithint maidir le húsáidí bia a chomhlánaíonn na gcuspóirí lárnacha a bhaineann le pleanáil na n-áiseanna sin.
- Féidearthacht tograí atá ábalta fostaíocht a chruthú a shainaithint, tograí ar féidir a fhorbairt trí infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shainaithint is a d’fhéadfaí a fhorbairt sna moil seo.
Íoslódáil an fhoirm Léirithe Spéise anseo