Seo a leanas an liosta bailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe faoi Acht na Gaeltachta, 2012.
Dún na nGall: Leitir Ceanainn, An Clochán Liath agus Dún na nGall
Maigh Eo: Béal an Mhuirthead, Baile an Róba agus Caisleán an Bharraigh
Gaillimh: Cathair na Gaillimhe agus An Clochán
Ciarraí: Daingean Uí Chúis, Trá Lí agus Cathair Saidhbhín
Corcaigh: Cathair Chorcaí agus Maigh Chromtha
Port Láirge: Dún Garbhán
An Mhí: Baile Átha Buí agus An Uaimh
Tá sé aontaithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaetlacht le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge go dtabharfaí faoin bpróiseas i mbailte Leitir Ceanainn, Cathair na Gaillimhe agus i nDaingean Uí Chúis.
Is féidir freagraí ar cheisteanna coitianta a fháil anseo.