Údarás na Gaeltachta in Iorras Aithneach inniu do chruinniú boird in Ionad Pobail Chill Chiaráin

21 April, 2023

min read

Ba ar Chill Chiaráin i gConamara a bhí trial chomhaltaí agus feidhmeannaigh an Údaráis inniu do chruinniú míosúil bhord Údarás na Gaeltachta.  Sular cuireadh tús leis na gcruinniú foirmeálta, bhí deis ag Fóram Chonamara Láir (an eagraíocht atá dhá mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le forbairt pobail i gceantair Charna, Chill Chiaráin, an Chaisil, Chamuis, Ros Muc agus Sraith Salach) cur i láthair a dhéanamh don bhord, a thug léargas ar an obair atá ar siúl ar an eagraíocht, agus ar na pleananna atá siad a fhorbairt.

Tar éis an chruinnithe, thug an bord agus na feidhmeannaigh cuairt ar shuíomh Pháirc na Mara i gCill Chiaráin; le gairid a phlé an tÚdarás féidearthachtaí an togra le ionadaithe ó phobal Iorras Aithneach ag cruinniú go háitiúil.

Ag labhairt di tar éis an chruinnithe, dúirt cathaoirleach eatramhach an bhoird, Mary Uí Chadhain:

“Tá an-ríméad orm a bheith anseo in Iorras Aithneach ar maidin, m’áit dhúchais féin. Tá an-tuiscint ag an Údarás ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag pobail cheantair tearcfhorbartha ar nós an cheantair seo, ní amháin i gConamara ach ar fud na Gaeltachta. Tá an tacaíocht a thugann an tÚdarás d’fhorbairt agus d’fhostaíocht sna réigiúin seo cinniúnach má tá pobail láidre, forásacha Gaeltachta le maireachtáil iontu.”

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

“Is iontach an deis é cruinniú an lae inniu le léargas a fháil ar thionchar chláracha an Údaráis ar cheantar Iorras Aithneach, mar shampla dúinn do cheantair dá leithead ar fud na Gaeltachta. Fuair muid eolas luachmhar anseo inniu ón gcur i láthair a rinne Fóram Chonamara Láir dúinn, faoin tábhacht atá le tacaíocht Údarás na Gaeltachta do Iorras Aithneach, áit ina bhfuil an Ghaeilge ag croílár an phobail agus na gníomhaíochtaí pobail ar fad a bhfuil muid ag tacú leo.”