Plean Teanga na Gaeltachta Láir

2 May, 2023

min read

Tráthnóna inniu i mBaile na Finne a sheolfaidh an tAire Stáit Gaeltachta, Patrick O’ Donovan, T.D., Plean Teanga na Gaeltachta Láir. Is iad Gleann Fhinne CTR, Ceanneagraíocht na Pleanála Teanga i Limistéar Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir agus Coiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir, a stiúir an próiseas seo ó cuireadh tús leis i mí Aibreán 2017, agus tá moladh ar leith ag dul dóibh, chomh maith leis an Oifigeach Pleanála Teanga, Aodh Mac Ruairí agus pobal na Gaeltachta Lair, a thug tacaíocht agus cuidiú don phlean ón gcéad lá, ar mhaithe leis an nGaeilge a neartú agus a threisiú ina gceantar féin.

Tá sé mar aidhm ag an bPlean Teanga dul i bhfeidhm ar chleachtas teanga an phobail ar bhealach dearfach, agus líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Limistéar Pleanála Teanga a ardú 10% le linn tréimhse seacht mbliana an phlean.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin inniu:

“Tréaslaím le pobal na Gaeltachta Láir agus le gach duine a raibh lámh acu i réiteach an phlean seo. Is údar mór bróid don Údarás an oiread de na pleananna seo atá á bhfeidhmiú go cumasach anois i Limistéir Phleanála Teanga ar fud na Gaeltachta. An tseachtain seo caite a fostaíodh an 26ú Oifigeach Pleanála Teanga i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta; is díol suntais an dea-thionchar atá á imirt anois ag na hOifigigh seo ar chleachtas teanga agus ar sheasamh na Gaeilge sna pobail a bhfuil siad ag freastal orthu.”