Cruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta i Rinn ua gCuanach – an chéad chruinniú ag an stiúrthóir nua fiontraíochta, fostaíochta agus maoine, Dearbháil Ní Chualáin

26 September, 2022

min read

Cuireadh fáilte roimh Stiúrthóir nua Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine Údarás na Gaeltachta, Dearbháil Ní Chualáin, ag a céad cruinniú de bhord an Údaráis, a reáchtáladh i gColáiste na Rinne i gcontae Phort Láirge Dé hAoine. Ag labhairt tar éis an chruinnithe, dúirt sí “Tá mé thar a bheith sásta a bheith tosaithe i mbun oibre le foireann tiomanta fuinniúil; táim ag súil go mór le ról a bheith agam ag tacú le forbairt na dtograí atá idir lámha ag an Údarás cheana féin, ag tabhairt treorach do fhiontraithe na Gaeltachta atá ag iarraidh a gcuid tionscadail féin a chur chun cinn, agus ag mealladh gnólachtaí nua chun lonnú sna ceantair Ghaeltachta.”

 

An Clár Oideachais agus Oiliúna

Le linn an chruinnithe, moladh infheistíocht shuntasach de 1.3 milliún euro i gclár oideachais agus oiliúna Údarás na Gaeltachta, dírithe ar réimse leathan spriocghrúpaí, idir mhicléinn scoile, printísigh agus daoine i mbun traenála, céimithe agus iarchéimithe, fiontraithe óga, daoine le gnólachtaí beaga, agus saoistí agus daoine ar scéimeanna sóisialta tuaithe.

Dúradh gurb é ceann de chuspóirí straitéiseacha an Údaráis, cur le bunús agus caighdeán scileanna mhuintir na Gaeltachta. Dúradh go raibh forbairt na n-acmhainní seo mar bhunchloch do chomhdhéanamh agus d’fheidhmiú an chláir ghinearálta forbartha atá á maoiniú ag an Údarás agus go bhfuil feidhmiú an chláir seo riachtanach chun tacú leis an Údarás pobal inmharthana a shlánú sna limistéir forbartha Ghaeltachta.

 

Allúntas Breise ar Fáil do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta sa nGaeltacht

D’fháiltigh comhaltaí an Údarás freisin roimh an allúntas breise airgid a d’fhógair Roinn na Gaeltachta le gairid do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta sa nGaeltacht, atá ag fáil an leibhéil céanna maoinithe anois leis na Limistéir Phleanála Teanga. Ceadaíodh an t-allúntas breise seo de €20,000 do Fhorbairt na Rosann, atá ag feidhmiú Plean Baile Seirbhíse an Chlochán Léith agus do Dhúchas an Daingin, atá ag feidhmiú Plean Baile Seirbhíse an Daingin.