Seoladh Phlean Teanga Cheantar na nOileán

29 October, 2021

min read

Ambasadóir Teanga Cheantar na nOileán PJ Ó Conghaile in éineacht le hAoife Ní Chonghaile agus Adhna Seoighe.

Ceadaíodh plean teanga le haghaidh Limistéar Pleanála Teanga Cheantar na nOileán sa bhliain 2019 agus sheol an tAire Stáit don Ghaeltacht, Jack Chambers TD, an plean go hoifigiúil ar an 21 Deireadh Fómhair 2021. Cuireadh tús le cur i bhfeidhm an phlean teanga faoin mbranda Glór na nOileán le linn phaindéim Covid-19 – ag am a bhí dúshlánach agus corrach don tír agus do phobal Cheantar na nOileán. Ceapadh Máire Áine Uí Ailín ina hOifigeach Pleanála Teanga leis an bplean teanga a chur i bhfeidhm. Tréaslaíonn muid le Comhairle Ceantar na nOileán, an cheanneagraíocht atá freagrach as feidhmiú an phlean teanga sa limistéar. Tá Coiste Pleanála Teanga thar a bheith gníomhach ó thús aimsire ag ullmhú an phlean agus á chur i bhfeidhm don Limistéar Pleanála Teanga.

Pictiúir ar fad a bhuíochas le Seán Ó Mainnín.

Hannah Ó Tuairisg, Údarás na Gaeltachta, Jack Chambers TD, Aire Stáit na Gaeltachta, Máire Áine Uí Ailín, Oifigeach Pleanála Teanga Cheantar na nOileán agus Séamus Ó Ráinne, Cathaoirleach an Choiste Stiúrtha
Siubhán Nic Grianna, Údarás na Gaeltachta, Máire Áine Uí Ailín, Oifigeach Pleanála Teanga Cheantar na nOileán, Jack Chambers TD, Aire Stáit na Gaeltachta, agus Rónán Mac Con Iomaire, Údarás na Gaeltachta
An tAire Stáit don Ghaeltacht, Jack Chambers TD, agus Coiste Pleanála Teanga Cheantar na nOileán ag seoladh an Phlean Teanga