Bia Farraige Árann

Bhunaigh Comharchumann Forbartha Árann Teo an comhlacht Bia Farraige Árann Teo sa mbliain 2018. Is comhfhiontar atá sa ngnó seo idir an Comharchumann agus Rosaria Piseri.  Gnó táirgthe táirgí feamainne atá i gceist, mar shampla, réimse bia agus deochanna orgánacha bunaithe ar fheamainn, ola olóige agus anlainn agus táirgí feamainne inite.  

Sa bpictiúr thuas tá Cathy Ní Ghóill, Rosaria Piseri agus Johnny Ó Giolláin agus iad ag freastal ar Lá na Mara i gCill Chiaráin a d’eagraigh Údarás na Gaeltachta ar an 9 Meán Fómhair 2019. 

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Tá beirt fostaithe sa ngnó faoi láthair agus tá sé lonnaithe i bhfoirgneamh i gCill Rónáin a cheannaigh an Comharchumann ó Údarás na Gaeltachta.  Tá tacaíocht faighte ag an togra seo ó Údarás na Gaeltachta agus B.I.M. (FLAGS).

Tuilleadh eolas